Comhordaitheoir Tionscadail – Deisceart

Conradh Na Gaeilge Dublin Airport, Leinster, IE
59,422 €

Published 2025-12-20

Description

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne.
Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá an Conradh ag cur leis an seó bóthair a eagraíonn muid mar chuid den tionscadal 'Gluaiseacht' le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus muid ag fostú Oifigeach Tionscadal a bheidh lonnaithe i g Corcaigh agus ag taisteal go rialta sa deisceart.
Is conradh 3 mhí é seo.
Cuirtear an seó bóthair ar fáil do scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, srl.
Déanann an Seó Bóthair cur síos ar na féidearthachtaí agus na deiseanna fostaíochta agus eile a bhaineann leis an n Gaeilge.
Déantar seo trí cheardlanna idirghníomhacha a eagrú leis an spriocphobail.
Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an g Conradh painéal a chur le chéile do dhaoine a bheadh infhostaithe do dheiseanna fostaíochta eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Fheidhmiúcháin amach anseo.
Cur síos ar an bpost Faoi stiúir ionadaí ó Bhuanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an g Comhordaitheoir Dara Leibhéal na dualgais a leanas a chomhlíonadh: Seó bóthair a eagrú le cuairteanna ar mheánscoileanna, coláistí samhraidh agus eile in ndeisceart na tíre Freastal ar Aontaí Gairme náisiúnta agus áitiúla timpeall na tíre, le gairmeacha le Gaeilge a chur chun cinn Deiseanna fostaíochta Gaeilge agus cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur chun cinn Cabhrú leis na mórimeachtaí Gaeilge24 & Dúshlán a eagrúNa meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta a úsáid leis an Seó Bóthair a chur chun cinn Dualgais eile de réir mar is gáCur síos ar an té a cheapfar Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr Ardscileanna cur i láthair / caint poiblíScileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistíocht ama/pleanála Bheadh cáilíocht(aí) tríú leibhéal in ábha(i)r a oireann don ról seo ina (m)buntáiste.
Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €36,544 - €59,422 pro-rata.
Caithfear an post a ofráil ag tús an scála.
Spriocdháta: Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig faoi Dé Chéadaoin, 14 Eanáir ag 11.00r.n.
Eolas eile: Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin.
Beidh an post seo lonnaithe i g Corcaigh ach beidh taisteal le déanamh.
Mairfidh conradh an phoist seo ó dheireadh mí Feabhra go tús mhí an Mheithimh.
Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl 20 Eanáir ar Zoom.

Location

Dublin Airport
Leinster
Ireland
Advertisement:



Attributes

Job type Full time
Contract type Permanent
Salary type Per annum
Occupation Comhordaitheoir tionscadail – deisceart
Send resume
Conradh Na Gaeilge
Conradh Na Gaeilge
3 active jobs
Registered 2023-08-17
Ireland
All vacancies from employers (3) Report vacancy
Send resume
Are you looking for a job? Publish your resume
Non-logged user
Hello wave
Welcome! Sign in or register